Is córas leabharlainne roinnte é Leabharlanna Éireann a ligeann d’aon duine a bhfuil cárta leabharlainne poiblí aige/aici míreanna a fháil ar iasacht agus a chur in áirithe ó aon leabharlann phoiblí i bPoblacht na hÉireann.
Tá gach ceann de na 30 seirbhís leabharlainne in Éirinn mar chuid de Leabharlanna Éireann.
Bailítear agus seachadtar earraí idir leabharlanna ar bhonn dhá uair sa tseachtain, mar sin a luaithe a bhíonn mír a chuir tú in áirithe ar fáil ba chóir go sroichfidh sí do leabharlann áitiúil laistigh de sheachtain.
Mura bhfuil an t-ábhar atá uait in aon cheann de na leabharlanna rannpháirteacha, cuir ceist ar do leabharlann áitiúil más féidir leo é a ordú nó é a iarraidh tríd an gcóras iasachtaí idirleabharlainne.*
* Má iarrann tú mír nach bhfuil ar fáil ach ó Leabharlann na Breataine nó ó sheirbhís chomhchosúil d’fhéadfaí táille a ghearradh - cuirfidh foireann na leabharlainne é sin in iúl duit agus an t-iarratas á dhéanamh agat.