Agus tú ag iarraidh earraí a athnuachan ar líne b’fhéidir go bhfaighidh tú teachtaireacht ag rá: “Ní féidir leat míreanna a athnuachan toisc: go bhfuil do chlárúchán imithe in éag.
Má fhaigheann tú an teachtaireacht seo ciallaíonn sé gur gá duit do bhallraíocht leabharlainne a athnuachan. Tá dhá bhealach ar féidir leat do bhallraíocht a athnuachan:
- Athnuachan ar líne
- Athnuachan a dhéanamh go pearsanta i do leabharlann áitiúil. Bíodh Aitheantas Fótagrafach agus Cruthúnas ar Sheoladh agat.
Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil le do thoil a bheidh in ann cabhrú leat.