Má tá cárta leabharlainne agat cheana féin, ní gá duit ceann nua a fháil chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne cosúil le ríomhleabhair agus ríomh-chlosleabhair. Ní bheidh aon rud uait ach d’uimhir chárta leabharlainne agus UAP a bheith ar eolas agat - féach anseo chun cabhair a fháil mura bhfuil tú in ann cuimhneamh ar do UAP.
Mura bhfuil cárta leabharlainne agat, féadfaidh tú páirt a ghlacadh ar líne trí chuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin do leabharlainne.
Seo treoir céim ar chéim maidir le páirt a ghlacadh:
- Comhlánaigh an fhoirm ballraíochta ar líne
- Nuair a chuirfidh tú an fhoirm isteach, gheobhaidh tú uimhir chárta leabharlainne sealadach.
- Déan nóta de d’uimhir chárta leabharlainne nua (beidh an uimhir seo uait chun ríomhleabhair a fháil ar iasacht)
- Anois, le huimhir do chárta leabharlainne agus do UAP beidh tú in ann ríomhleabhair a fháil ar iasacht.
- Má tá tú ceangailte ar líne, úsáidfidh tú an uimhir shealadach chárta leabharlainne ar sannadh duit. Tar éis 1-3 mí (breathnaíonn ár na tearma ballríochta do seirbhís Leabharlainne) beidh ort cuairt a thabhairt ar do leabharlann chun ballraíocht iomlán a uasghrádú chun leanúint ar aghaidh ag úsáid BorrowBox. Faigh amach faoi do chuntais a chumasc.
Má bhíonn aon deacracht agat logáil isteach nó teacht isteach bí cinnte iarratas nó ríomhphost a sheoladh chuig: online.support@librariesireland.ie agus cabhróidh ball dár bhfoireann tacaíochta leat a luaithe is féidir.