Má tá tú logáilte isteach i do chuntas feicfidh tú rogha Cuir UAP in Eagar.
Mura féidir leat logáil isteach i do chuntas, is féidir leat do UAP a athshocrú ón scáileán logála isteach. Beidh ort seoladh ríomhphoist a bheith agat a bhaineann le do chuntas áfach.
- Tabhair cuairt ar do chatalóg leabharlainne áit a bhfeicfidh tú ‘Dearmad Déanta ar do UAP’ ag barr an leathanaigh ar dheis.
- Cliceáil Dearmad Déanta ar do UAP?
- Cuir isteach d’Aitheantas Iasachtaí (uimhir chárta leabharlainne) agus do shloinne.
Má tá dearmad déanta agat ar d’aitheantas iasachtaí, is féidir leat d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist a úsáid. - Cliceáil ar Lean ar Aghaidh.
- Gheobhaidh tú ríomhphost le nasc le do UAP a athshocrú.
- Cliceáil ar an nasc i do ríomhphost agus ansin cuir isteach agus deimhnigh do UAP nua.
Is uimhir cheithre dhigit é do UAP.
Má bhíonn aon deacracht agat logáil isteach nó teacht isteach bí cinnte iarratas nó ríomhphost a sheoladh chuig: online.support@librariesireland.ie agus cabhróidh ball dár bhfoireann tacaíochta leat a luaithe is féidir.